Registration Policy

Polasaí Clárúcháin 2012
Dréacht

Rinne an Bord athbhreithniú ar an bpolasaí seo i Meitheamh 2012 agus ghlac an Bord leis an dreacht seo i Meitheamh 2012. Beidh athbhreithniú ar an bpolasaí seo i 2014 nó mar is gá.

Réamhrá
Tá an polasaí clárúcháin seo á leagan amach de réir riachtanais an Achta Oideachais (1998). Tá súil ag an mBord Bainistíochta go mbeidh an polasaí seo mar chabhair do thuismitheoirí ó thaobh chlárúcháin de. Beidh cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, Pádraig Mac Criostail agus an príomhoide, Ray Ó Díomasaigh lánsásta aon cheisteanna a eascraíonn as an bpolasaí seo a shoiléiriú. Cuireadh le cheile é le cabhair ón mBórd Bainistíochta, tuismitheoirí agus múinteoirí i 2012.

Ainm na Scoile: Gaelscoil Bhaile Munna

Seoladh na Scoile: Br. Choltraí, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9

Uimh. Ghutháin: (01) 8622275

Sáiniúlacht Chreidmheach:Caitliceach

Ainm an Phátrúin: An Foras Pátrúnachta

Líon iomlán na Múinteoirí sa Scoil: 10

Ranganna sa Scoil : Naíonáin Bheaga suas go dtí Rang 6.

Cineál Scoil : Scoil Mheasctha

Deontais faighte ón Roinn Oideachas.

Cloíonn an scoil leis na cláir churaclaim a fhoilsíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, a leasaítear ó am go ham, de réir Ailt 9 agus 30 den Acht Oideachais (1998).

Raon na Ranganna a Mhúintear:
Braitheann an scoil ar na deontais agus na hacmhainní múinteora a chuireann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar fáil agus feidhmíonn sí de réir na rialachán a leagann an Roinn amach ó am go ham. Ní folair do pholasaí scoile aird a thabhairt na hacmhainní agus an maoiniú atá ar fáil.

Laistigh de chomhthéacs agus theorainneacha rialacháin agus chláir na Roinne, cearta an phátrúin a leagtar amach san Acht Oideachais (1998) iad, agus an maoiniú agus na hacmhainní atá ar fáil, tugann an scoil tacaíocht do na prionsabail seo a leanas:
• Uilechumisitheacht, go háirithe maidir le clárú leanaí faoi mhíchumas nó le riachtanas oideachasúil speisialta eile;
• Cothromas rochtana agus rannpháirtíochta sa scoil;
• Rogha tuismitheora maidir le clárú; agus
• Meas ar éagsúlacht luachanna, creideamh, traidisiún, teangacha agus bealaí saoil atá le fáil i sochaí na hÉireann.
Osclóidh Gaelscoil Bhaile Munna ag 8:50 r.n.
Sos Beag ag ag na naíonáin ag 10:30-10:40r.n.
Sos Beag ag na ranganna eile ag 10:50-11:00r.n.
Lón 12:15-12:45i.n.
Naíonáin Críochnaithe 1:30i.n.
Ranganna eile 2:30i.n.

Nósanna Imeachta Clárúcháin

Nós Imeachta Iarratais
Ba chóir do thuismitheoirí ar mian leo daltaí a chlárú i Naíonáin Shóisear teacht chuig an scoil, áit a lorg trí mheán iarratas scríofa nó foirm a íoslódáil ón suíomh idirlíon scoile. Caithfear teastas breithe a chur in éineacht leis. De gnáth tarlaíonn sé seo i rith an dara téarma agus déanann an bord bainistíochta cumarsáid ghinearálta leis an bpobal scoile trí na meáin chuí e.g. nuachtlitir agus suíomh idirlíon na scoile, ag déanamh cur síos ar na nósanna imeachta maidir le hiarratas clárúcháin a dhéanamh. Iarrtar ar na tuismitheoirí an ‘Polasaí Smachta’ a shiniú, mar thaifead, go glacann siad leis agus go leanfaidh a p(h)áiste é mar chóras. Tá cóip don Choras Smachta ar fáil ar suíomh na scoile.

Faisnéis Thábhachtach curtha ar fáil ag Tuismitheoirí
Bíonn gá le roinnt eolais nuair atá leanaí á gclárú. Iarann an bord ar thuismitheoirí foirm iarratais chlárúcháin a líonadh chun na críche seo. Bíonn an t-eolas seo á lorg:
• Ainm, aois agus seoladh an dalta;
• Ainmneacha agus seoltaí thuismitheoirí/chaomhnóirí an dalta;
• Uimhreacha gutháin teagmhála;
• Uimhreacha gutháin teagmhála le haghaidh éigeandálaí;
• Sonraí aon bhreoiteacht/tinneas ar chóir don scoil a bheith ar an eolas fúthu;
• Creideamh;
• Scoileanna ar fhreastail an dalta orthu cheana féin, más ann, agus na cúiseanna leis an aistriú má bhaineann siad le hábhar; agus
• Aon eolas ábhartha eile (lena n-áirítear aon eolas breise a d’fhéadfadh a bheith forordaithe faoin Acht Oideachais (Leas)(2000) nó faoin Acht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Oideachasúla Speisialta(2004).

Déanamh Cinntí
Déanann an Bord Bainistíochta cinntí maidir le hiarratais chlárúcháin de réir pholasaí na scoile. Cuirfidh an Bord tuismitheoirí ar an eolas faoina gcinneadh laistigh de 21 lá ó fháil an eolais sin (le teacht i bhfeidhm de réir an Achta Oideachais (Leas)(2000)). Mar phrionsabal ginearálta, agus chomh fada agus is féidir maidir le polasaí clárúcháin na scoile, clárófar leanaí nuair a dhéantar iarratas, chomh fada agus atá spás sa scoil dóibh. (Féach ar an nóta thíos maidir leis an Acht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Oideachasúla Speisialta, 2004)
Breathnóidh an Bord ar threoirlínte na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le méid ranganna agus soláthair foirne agus/nó aon riachtanais eile a bhaineann le cóiríocht, lena n-áirítear spás fisiciúil agus sláinte agus leas na leanaí.
Tá an Bord teoranta ag Rialacha do Bhunscoileanna na Roinne Oideachais agus Scileanna a luann nach féidir daltaí a chlárú ach ó aois 4 bliana suas, cé nach bhfuil sé éigeantach freastal ar scoil go dtí aois 6 bliana.
Má tharlaíonn sé go dtéann líon na n-iarratas clárúcháin thar líon na spásanna atá ar fáil/má cheaptar go dtarlóidh a leithéid, bhainfí úsáid as an bpróiseas déanta cinntí seo a leanas. Beidh a rogha féin ag an mBord maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar seo a leanas. Féadtar úsáid a bhaint as aon cheann de na critéir seo a leanas, agus ní gá iad a úsáid san ord seo a leanas:
• An bhfuil deartháireacha/deirfiúracha ag an iontrálaí molta nua sa scoil cheana féin;
• Aoiseanna na leanaí
• Leanaí a fhreastail ar an naíonra áitiúila
• Teorainneacha paróiste/Polasaithe Deoise
• Tús áite tugtha do na daoine a dhéanann na hiarratais is túisce
• Cuirtear dáta clárúcháin san áireamh má tá níos mó iarratais ná spásanna sa scoil
• Glacfar le páistí ó scoileanna eile nuair atá spás sa rang má tá siad tar éis freastail ar ghaelscoil cheana
• Crannchur

Achomhairc
Tá dualgas ar Bhord Bainistíochta chomh maith faoi alt 19 (3) den Acht um Oideachais Leas 2000 cinneadh a dhéanamh i scríbhinn maidir le hiarratas ar rollú laistigh de 21 lá agus an cinneadh a chur in iúl do na tuismitheoirí i scríbhinn.

Is feidir leis an Bórd Bainistíochta páiste a dhiúltú i gcás eisceachtúil.
a) Má tá riachtanais speisialta ag an páiste agus fiú le tacaíocht breise ón Roinn ó thaobh achmhannaí de, fós, ní feidir leis an scoil oideachas ceart a thabhairt don pháiste.
b) Nó i dtuairim an Bórd Bainistíochta, cuireann an páiste daltaí, múinteoirí nó fearas na scoile i mbaol ar bhealach éigin.

Nuair a dhiúltaíonn Bord Bainistíochta dalta a rollú i scoil, tá teidlíocht reachtúil ag tuismitheoir an dalta nó, nuair atá 18 mbliana sroichte ag an dalta, an dalta féin, faoi Alt 29 den Acht Oideachais (mar atá leasaithe faoi Alt 4 den Acht Oideachais (Forálacha Ilghnéitheacha) 2007, achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá coiste bunaithe chun éisteacht leis an achomharc, le héisteachtaí stiúrtha le híosmhéid foirmeálachta. I mórlach na gcásanna, caithfear leo laistigh de 30 lá. Nuair atá sé oiriúnach, d’fhéadfadh an tArd-Rúnaí cibé treoracha a thabhairt don Bhord Bainistíochta a mheastar a bheith oiriúnach chun an cheist a ndearnadh gearán fúithi a réiteach.
• Cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas faoin gceart atá acu achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Bhoird Bhainistíochta maidir le fionraíocht nó díbirt agus iad á chlárú nó ag an gcéad cruinniú leis an bpríomhoide. Tabharfar cóip de Imlitir 22/02 agus na foirmeacha lena mbaineann do thuismitheoirí ag an gcruinniú sin.
• Ullmhóidh an príomhoide agus an cathaoirleach freagra má tá achomharc á iniúchadh ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. (Alt 12, Ciorclán 22/02 – Achomharc a Phróiseáil)

Lá/Dáta Iontrála
De ghnáth ní féidir le Naíonáin Shóisearacha tosú ag an scoil ach ar an 1 Meán Fómhair, (nó ar an gcéad lá den scoilbhliain nua).

Clárú Leanaí le Riachtanais Speisialta
Maidir le hiarratais chun leanaí le riachtanais speisialta a chlárú, lorgóidh an Bord Bainistíochta cóip de thuairisc leighis/shíceolaíoch an linbh, nó mura bhfuil a leithéid de thuairisc ar fáil, lorgóidh sé go ndéanfaí an leanbh a mheas láithreach. Is é aidhm na tuairisce measúnachta ná cuidiú leis an scoil riachtanais oideachasúla agus oiliúna an linbh a bhaineann lena m(h)íchumas nó a riachtanais speisialta a fháil amach agus próifíl a chur le chéile de na seirbhísí tacaíochta a bhfuil gá leo.
Tar éis na tuairisce a fháil, measfaidh an Bord conas is féidir leis an scoil freastal ar na riachtanais a shonraítear sa tuairisc. Má mheasann an Bord go bhfuil gá le hacmhainní breise, iarrfaidh sé ar an SENO (NCSE féach Imlitir 01/05) roimh an gclárú na hacmhainní a bhfuil gá leo chun freastal ar riachtanais an linbh, a ndéantar cur síos orthu sa tuairisc shíceolaíoch agus/nó leighis, a sholáthar. B’fhéidir go mbeadh ceann de na hacmhainní seo a leanas, nó soláthar ceann de na hacmhainní seo leanas nó meascán dóibh i gceist: seirbhís múinteora ar cuairt, múinteoir do riachtanais speisialta, cúntóir riachtanas speisialta, trealamh nó troscán speisialta, seirbhísí iompair nó eile.
Buailfidh an scoil leis an SENO chomh maith le tuismitheoirí an linbh chun riachtanais an linbh a phlé i dteannta oiriúnacht agus chumas na scoile freastal ar na riachtanais sin. Más gá, reáchtálfar comhdháil don chás iomlán a mbeidh na páirtithe uile páirteach ann; m.sh. tuismitheoirí, an príomhoide, an múinteoir ranga, múinteoir tacaíochta foghlama, múinteoir ranga speisialta, múinteoir acmhainne do riachtanais speisialta, Eagarthóir Riachtanas Oideachasúil Speisialta nó síceolaí a bheith páirteach ann, de réir mar is cuí.

Daltaí ag Aistriú
Féadann daltaí aistriú chuig an scoil ag aon am, ag braith ar pholasaí na scoile, an spás atá ann, agus i roinnt cásanna, ceadú na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is ceanglas de chuid an Bhoird Bhainistíochta é eolas maidir le tinreamh agus dul chun cinn oideachasúil an linbh a chur ar aghaidh ó scoil go scoil. An tAcht Oideachais Leas, Alt 28

Cód Iompair
Bíonn an Cód Iompair iniata le polasaí clárúcháin na scoile.

Athbhreithniú
Tá athbhreithniú le déanamh ar an bpolasaí seo gach bliain ag an Bórd Bainistíochta.

Polasaí ar Fáil : Tá an polasaí ar fáil ar an suíomh idirlíon agus tá cóip le fáil ó oifig na scoile. Faigheann tuismitheoirí daltaí nua atá ag tosú sa scoil cóip den polasaí.

An Mhír Thagartha
• Treoirlínte ó CPSMA/Bord Oideachais Eaglais na hÉireann agus CMÉ
• Imlitreacha 0038/2007, 07/07, 02/05 – ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, www.education.ie
• Management Board Member’s Handbook, CPSMA,
• An tAcht Oideachais, 1998 Ailt 9, 15 (2), 29, 30
• An tAcht Oideachais (Leas), 2000 Ailt 19, 20, 23, 24, 28
• An tAcht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Oideachasúla Speisialta, 2004
• An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988, 2003
• An tAcht um Stádas Comhionann 2000, Alt 7
• Questions and Answers on The Education Act 1998 and The Education Welfare Act 2000, INTO
• Equality and Education. The Equality Authority 2001
• Eolas maidir leis an Acht um Stádas Comhionann 2000. An tÚdarás Comhionannais – Ionaid Oideachais

Suímh Idirlín

ROE www.education.ie
CPSMA www.cpsma.ie
INTO www.into.ie
IPPN www.ippn.ie
An tÚdarás Comhionannais www.equality.ie
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta www.ncse.ie

1. Sleachta:
An tAcht Oideachais, 1998
Alt 9. —Cuirfidh scoil aitheanta oideachas ar fáil do mhic léinn ar oideachas é is cuí dá gcumais agus dá riachtanais agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, úsáidfidh sí na hacmhainní a bheidh ar fáil di—
(a) chun a chinntiú go ndéanfar riachtanais oideachais gach mic léinn, lena n-áirítear iad sin atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, a shainaithint agus go ndéanfar soláthar faoina gcomhair,
(b) chun a chinntiú, maidir leis an oideachas a chuireann sí ar fáil, go ndéanann sé freastal ar cheanglais an bheartais oideachais mar a chinnfidh an tAire é ó am go ham, lena n-áirítear ceanglais i dtaca le soláthar curaclaim mar a fhorordóidh an tAire de réir alt 30 ,
(c) chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag mic léinn ar threoir chuí chun cabhrú leo i dtaca lena roghanna oideachais agus gairme,
(d) chun forbairt mhorálta, spioradálta, shóisialta agus phearsanta mac léinn a chur chun cinn agus chun oideachas sláinte a chur ar fáil dóibh, i gcomhairle lena dtuismitheoirí, ag féachaint do spiorad sainiúil na scoile,
(e) chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn do mhic léinn agus d’fhoireann na scoile, idir fhireannaigh agus bhaineannaigh,
(f) chun forbairt na Gaeilge agus thraidisiúin na hÉireann, litríocht na hÉireann, na healaíona agus nithe cultúrtha eile, a chur chun cinn,
(g) chun a chinntiú go mbeidh rochtain sa mhodh forordaithe ag tuismitheoirí mic léinn nó, i gcás mic léinn a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici, ag an mac léinn, ar thaifid a choimeádann an scoil sin i ndáil le dul chun cinn an mhic léinn sin i dtaca lena oideachas nó lena hoideachas,
(h) i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta, chun cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail,
(i) chun a cuid gníomhaíochtaí a sheoladh de réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire ó am go ham faoi alt 33,
(j) chun a chinntiú go ndéanfar riachtanais an phearsanra atá ag gabháil d’fheidhmeanna bainistíochta agus riachtanais forbartha na foirne i gcoitinne sa scoil a shainaithint agus go ndéanfar soláthar faoina gcomhair,
(k) chun córais a bhunú agus a chothabháil lena bhféadfar éifeachtúlacht agus éifeachtacht a cuid oibríochtaí a mheasúnú, lena n-áirítear cáilíocht agus éifeachtacht na múinteoireachta sa scoil agus leibhéil ghnóthachtála agus caighdeáin acadúla mac léinn,
(l) chun teagmhálacha a bhunú nó a chothabháil le scoileanna eile agus ag leibhéil chuí eile ar fud an phobail dá bhfónann an scoil, agus
(m) faoi réir an Achta seo agus go háirithe alt 15 (2)(d), chun beartas i dtaca le ligean isteach a bhunú agus a chothabháil lena bhforálfar don inrochtaineacht is mó is féidir ar an scoil.

Alt 29
(1) Má s rud é, maidir le bord nó le duine atá ag gníomhú thar ceann an bhoird—
(a) go n-eisiafaidh sé nó sí mac léinn go buan ó scoil, nó
(b) go ndéanfaidh sé nó sí mac léinn a fhionraí ó fhreastal ar scoil ar feadh tréimhse a fhorordófar chun críche na míre seo, nó
(c) go ndiúltóidh sé nó sí mac léinn a rollú i scoil, nó
(d) go ndéanfaidh sé nó sí cinneadh d’aicme a gcinnfidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, le ceardchumainn aitheanta agus le comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, go bhféadfar achomharc a dhéanamh ina haghaidh de réir an ailt seo,
féadfaidh tuismitheoir an mhic léinn nó , i gcás mic léinn a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici, an mac lé inn, laistigh de thréimhse réasúnach ón dáta ar cuireadh an cinneadh in iúl don tuismitheoir nó don mhac léinn agus tar é is aon nó sanna imeachta achomhairc a bheidh curtha ar fáil ag an scoil nó ag an bpátrún de réir alt 28 a bheith tugtha chun críche, achomharc in aghaidh an chinnidh sin a dhéanamh chun Ard-Rú naí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus déanfaidh coiste a cheapfar faoi fho-alt (2) an t-achomharc sin a éisteacht.
(2) Déanfaidh an tAire, d’fhonn achomharc faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh, coiste amháin nó níos mó a cheapadh (dá ngairtear ‘‘coiste achomhairc’’ san alt seo) agus beidh Cigire agus cibé daoine eile is cuí leis an Aire ar gach coiste acu sin.
(3) Má s rud é go gceapfar coiste faoi fho-alt (2), déanfaidh an tAire duine amháin dá líon a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcoiste sin agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach.
(4) Gníomhóidh coiste achomhairc, le linn achomharc faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh, de réir cibé nó sanna imeachta a chinnfidh an tAire ó am go ham tar é is dul i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus cinnteofar leis na nó sanna imeachta sin—
(a) go gcabhrófar leis na páirtithe san achomharc teacht ar chomhaontú maidir leis na nithe is ábhar don achomharc i gcás ina mbeidh an coiste achomhairc den tuairim gurb indéanta teacht ar chomhaontú den sórt sin sna
himthosca,
(b) go seolfar éisteachtaí leis an bhfoirmiú lacht is lú a bheidh
ar comhréir le héisteacht chóir a thabhairt do gach páirtí, agus
(c) go ndéileálfar le hachomhairc laistigh de thréimhse 30 lá ó ndáta ar a bhfaighidh an tArd-Rú naí an t-achomharc, ach amháin má s rud é , ar iarratas i scríbhinn ó n gcoiste achomhairc ina luafar na cúiseanna atá le moill i dtaca leis an achomharc a chinneadh, go dtoileoidh an tArd- Rúnaí i scríbhinn an tréimhse a fhadú de thréimhse nach faide ná 14 lá .
(5) Ar achomharc a dhéanfar faoin alt seo a chinneadh, déanfaidh an coiste achomhairc fógra i scríbhinn maidir lena chinneadh ar an achomharc agus maidir leis na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a chur chuig an Ard-Rú naí.
(6) Má s rud é—
(a) go seasfaidh coiste achomhairc le casaoid go hiomlán nó go páirteach, agus
(b) gur dealraitheach don choiste achomhairc gur ceart aon ní ab ábhar don chasaoid (a mhéid a seasadh lé i) a leigheas, cuirfidh an coiste achomhairc moltaí faoi bhrá id an Ard-Rúnaí maidir leis an ngníomh a bheidh le déanamh.

(7) A luaithe is indéanta tar é is don Ard-Rú naí an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a fháil—
(a) déanfaidh an tArd-Rú naí cinneadh an choiste achomhairc agus na cúiseanna a bhí leis a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine a rinne an t-achomharc agus don bhord, agus
(b) i gcás lena mbaineann fo-alt (6), féadfaidh an tArd-Rúnaí, san fhógra sin, cibé ordacháin a thabhairt don bhord is dealraitheach don Ard-Rú naí (ag féachaint d’aon mholtaí a bheidh déanta ag an gcoiste achomhairc) a bheith
fóirsteanach chun an ní ab ábhar don achomharc a leigheas agus gníomhóidh an bord de réir na n-ordachán sin.
(8) Déanfaidh an tAire, i gcomhairle le pátrúin scoileanna, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, oibriú an ailt
seo agus alt 28 a athbhreithniú ó am go ham agus beidh an chéad athbhreithniú den sórt sin ann tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo.
(9) I gcás scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais, is chun an choiste gairmoideachais a bheidh ábhar achomhairc ann in aghaidh chinneadh ó bhord na scoile sin, ar an gcéad á sc, agus ina dhiaidh sin chun an Ard-Rúnaí de réir fho-alt (1).
(10) Déanfaidh an tAire, ó am go ham, tar é is dul i gcomhairle le coistí gairmoideachais, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, na nithe seo a leanas a fhorordú—
(a) na nó sanna imeachta le haghaidh achomharc faoin alt seo chun coistí gairmoideachais, agus
(b) cé na hachomhairc lena bhfiosrófar an raibh an nós imeachta a ghlac bord, le linn dó teacht ar chinneadh nó le linn dó achomharc a sheoladh, cóir agus réasúnach agus cé na hachomhairc a sheolfar trí athéisteacht iomlán.
(11) Féadfaidh an tArd-Rú naí, de réir ailt 4(1)(i) agus 9 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, an fhreagracht i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna a bhfuil an tArd-Rúnaí freagrach iontu faoin alt seo a shannadh d’oifigeach eile de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
(12) Chun críocha fho-alt (1)(c), ciallaíonn ‘‘mac léinn’’ duine a iarrann rollú i scoil agus féadfaidh an duine sin, nó tuismitheoirí an duine sin, achomharc a dhéanamh in aghaidh diúltú é nó í a rollú ar an modh céanna ar a bhféadfaidh mac lé inn, nó tuismitheoirí mic lé inn, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh faoin alt seo.

Luann 15(2)(d) den Acht Oideachais:
“foilseoidh [bord], i cibé modh is dóigh leis an mbord, le comhaontú an phátrúin, a bheith cuí, beartas na scoile i dtaca le ligean isteach agus rannpháirtíocht sa scoil, lena n-áirítear beartas na scoile i ndáil le mic léinn a dhíbirt agus a chur ar fionraí, agus i ndáil le ligean isteach agus rannpháirtíocht mac léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, agus cinnteoidh sé,…, go n-urramófar …an ceart atá ag tuismitheoirí a leanaí a chur ar scoil is rogha leis na tuismitheoirí …”

Tá na treoirlínte faoi réir aon treoracha sonracha a dhéanann pátrún na scoile agus 15(2)(d) “cibé ordacháin a dhéanfaidh an tAire ó am go ham”

Alt 30 (1) (1)
Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle le pátrúin scoileanna, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, de réir mar is cuí leis an Aire, an curaclam do scoileanna aitheanta a fhorordú, eadhon—
(a) na hábhair a bheidh le tairiscint i scoileanna aitheanta,
(b) siollabas gach ábhair,
(c) an méid ama teagaisc a thabharfar do gach ábhar, agus
(d) an soláthar treorach agus comhairliúcháin a bheidh le tairiscint i scoileanna.

An tAcht Oideachais (Leas), 2000

Alt 19
(1) Ní dhiúltóidh bord bainistíochta scoile aitheanta leanbh a ligean isteach mar mhac léinn sa scoil sin, ar leanbh é nó í a mbeidh iarratas chun é nó í a ligean isteach amhlaidh déanta ina leith, ach amháin i gcás ina mbeidh an diúltú sin de réir bheartas na scoile aitheanta lena mbaineann, arna fhoilsiú faoi alt 15(2) (d) d’Acht 1998.(i.e. An tAcht Oideachais)

(2) Déanfaidh tuismitheoir linbh a mbeidh iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) déanta aige nó aici cibé faisnéis a fhorordóidh an tAire a chur ar fáil don scoil aitheanta lena mbaineann.

(3) A luaithe is indéanta, ach tráth nach déanaí ná 21 lá, tar éis do thuismitheoir cibé faisnéis a chur ar fáil, de réir fho-alt (2), a fhorordóidh an tAire faoin bhfo-alt sin, déanfaidh bord bainistíochta na scoile lena mbaineann cinneadh i leith an iarratais lena mbaineann agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl i scríbhinn don tuismitheoir.

Alt 20
Tá roinnt forálacha sonracha nua maidir le haistriú daltaí san Acht Oideachais (Leas) 2000, lena n-áirítear an ceanglas faisnéis a bhaineann le tinreamh agus dul chun cinn oideachasúil an linbh a chur ar aghaidh ó scoil go scoil. Cuirfear an tAcht i bhfeidhm le linn na tréimhse 2000-2002.
(1) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo, a chur faoi deara clár de na mic léinn go léir a fhreastalaíonn ar an scoil sin a bhunú agus a chothabháil.
(2) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, an lá a fhreastalóidh an leanbh ar an scoil sin den chéad uair, ainm an linbh, an dáta a fhreastalaíonn sé nó sí amhlaidh den chéad uair agus cibé sonraí eile a fhorordóidh an tAire a thaifeadadh sa chlár a bheidh á chothabháil faoin alt seo i leith na scoile sin agus measfar, chun críocha an Achta seo, an leanbh lena mbaineann a bheith cláraithe sa scoil sin amhail ar an agus ón dáta sin.
(3) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, a luaithe is féidir tar éis ainm linbh atá cláraithe i scoil aitheanta eile a chlárú sa chlár a bheidh á chothabháil faoin alt seo i leith na chéad scoile a luaitear, an méid sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, do phríomhoide an dara scoil a luaitear.
(4) Déanfaidh príomhoide an dara scoil a luaitear agus dá dtagraítear i bhfo-alt (3), ar fhógra faoin bhfo-alt sin a fháil, ainm an linbh lena mbaineann a bhaint den chlár a bheidh á chothabháil faoin alt seo i leith an dara scoil sin a luaitear ach amháin i gcás ina leanfaidh an leanbh de bheith ag fáil cuid dá oideachas nó dá hoideachas sa scoil sin.
(5) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, ar fhógra faoi fho-alt (3) a fháil i leith linbh, na nithe seo a leanas a chur in iúl do phríomhoide na chéad scoile a luaitear san fho-alt sin—
(a) aon fhadhbanna i ndáil le freastal scoile a bhí ag an leanbh lena mbaineann le linn dó nó di a bheith ag freastal ar an dara scoil a luaitear agus dá dtagraítear ann, nó
(b) cibé nithe eile is cuí leis nó léi i ndáil le dul chun cinn oideachasúil an linbh.
(6) Ní bhainfidh príomhoide scoile aitheanta ainm linbh den chlár seachas—
(a) de réir fho-alt (4), nó
(b) i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn faighte aige nó aici ón mBord á rá go bhfuil an leanbh lena mbaineann cláraithe sa chlár a bheidh á chothabháil faoi alt 14.
(i.e. *An Clár – bunóidh NEWB clár de na leanaí uile a fhaigheann oideachas in áit nach scoil aitheanta é)

Alt 28
(1) Féadfaidh rialaitheoir sonraí comhlachta fhorordaithe sonraí pearsanta a bheidh á gcoimeád aige nó aici, nó faisnéis arna baint as sonraí den sórt sin, a sholáthar do rialaitheoir sonraí comhlachta fhorordaithe eile más deimhin leis nó léi gur chun críche iomchuí, agus chuige sin amháin, a úsáidfear iad.
(2) Féadfaidh rialaitheoir sonraí comhlachta fhorordaithe, chun críche iomchuí agus chuige sin amháin, sonraí pearsanta a sholáthrófar dó nó di faoin alt seo a choimeád agus a úsáid.
(3) San alt seo…. ciallaíonn “chun críche iomchuí”
(a) chun stair oideachais nó oiliúna duine a thaifeadadh, nó chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn oideachasúil nó oiliúna an duine sin, d’fhonn a fháil amach conas is fearr is féidir cabhrú leis nó léi leas a bhaint as deiseanna oideachais nó oiliúna nó a lánphoitéinseal oideachasúil a fhorbairt…

Ailt 23 agus 24

Baineann ailt 23 agus 24 le Cód Iompraíochta agus Díbeartha na scoile. Ní mór don scoil a Cód Iompraíochta a chur faoi iamh le beartas clárúcháin na scoile (roimh chur i bhfeidhm an Achta Oideachais (Leas), 2000 agus eisiúint na dtreoirlínte cuí – alt 23(3) ag an mBord Náisiúnta Leasa Oideachais).

An tAcht um Stádas Comhionann, 2000

Alt 7
7. —(1) San alt seo ciallaíonn “bunachas oideachais” seirbhís réamhscoile de réir bhrí Chuid VII den Acht um Chúram Leanaí, 1991, bunscoil nó iar-bhunscoil,…
(2) Ní dhéanfaidh bunachas oideachais idirdhealú i ndáil leis na nithe seo a leanas—
(a) duine a ligean isteach sa bhunachas mar mhac léinn nó na téarmaí nó na coinníollacha a bhaineann le duine a ligean isteach sa bhunachas mar mhac léinn,
(b) rochtain mic léinn ar aon chúrsa, saoráid nó sochar a sholáthraíonn an bunachas,
(c) aon téarma nó coinníoll eile a bhaineann le páirteachas ag mac léinn sa bhunachas, nó
(d) díbirt mic léinn as an mbunachas nó aon smachtbhanna eile i gcoinne an mhic léinn.

(3) Ní dhéanann bunachas oideachais idirdhealú faoi fho-alt (2) de bhíthin amháin—
(a) i gcás nach foras oideachais tríú leibhéal an bunachas agus nach ligeann sé isteach ach mic léinn d’inscne amháin, go ndiúltaíonn sé duine nach den inscne sin a ligean isteach mar mhac léinn,
(c) i gcás gur scoil an bunachas a sholáthraíonn bunoideachas nó iar-bhunoideachas do mhic léinn agus gurb é cuspóir na scoile oideachas a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna áirithe creidimh chun cinn, go ndéanann sé daoine de shainaicme áirithe creidimh a ligean isteach de rogha ar dhaoine eile nó go ndiúltaíonn sé duine nach den tsainaicme sin a ligean isteach mar mhac léinn agus, i gcás diúltú, go gcruthaítear go bhfuil an diúltú riachtanach chun aetas na scoile a chothú,

An tAcht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Oideachasúla Speisialta 2004

2. – Cuirfear oideachas ar leanbh le riachtanais oideachasúla speisialta i dtimpeallacht uilechuimsitheach le leanaí nach bhfuil na riachtanais sin acu, ach amháin mura dtéann nádúr nó leibhéal riachtanais an linbh sin le –
(a) leas is fearr an linbh mar a chinntítear é de réir aon mheasúnachta a dhéantar faoin Acht seo, nó
(b) foráil éifeachtúil oideachais do na leanaí lena bhfuil an leanbh chun oideachas a fháil.

An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988 agus an tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003
Tugadh an tAcht um Chosaint Sonraí 1988 isteach mar fhreagra ar shaincheisteanna príobháideachais a d’eascair as sonraí a bheith á gcoimeád ar ríomhairí agus chun freagrachtaí a shonrú dóibh sin a choinníonn sonraí pearsanta ar ríomhaire (rialtóirí sonraí). Baineann an tAcht le sonraí a choinnítear ar ríomhairí i bhformáid inar féidir iad a phróiseáil go huathoibríoch. Is éard a chiallaíonn “Mionsonraí Pearsanta” sa chomhthéacs sin ná “sonraí a bhaineann le duine aonair atá beo ar féidir an duine sin a aithint ó na sonraí nó ó na sonraí i dteannta le faisnéis eile atá i seilbh an rialtóra sonraí.”

Murab ionann agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise, baineann an tAcht um Chosaint Sonraí le gach eagraíocht. Baineann forálacha an Achta le scoileanna a choinníonn sonraí faoin bhfoireann nó faoi dhaltaí ar ríomhaire.
Sonraíonn an tAcht um Chosaint Sonraí roinnt príomhfhreagrachtaí nár mhór do rialtóirí a fheidhmiú:
• Sonraí a fháil agus a phróiseáil ar bhealach cothrom – ba chóir céannacht an té a bhailíonn na sonraí, an úsáid a bhainfear astu agus an té lena scaoilfear iad a leagan amach don duine a sholáthraíonn an fhaisnéis, nó ba chóir cuntas a thabhairt ar aon úsáidí tánaisteacha nó aon úsáid a bhainfear as na sonraí amach anseo.
• Ní féidir sonraí a choimeád ar ríomhaire faoi dhaoine ach amháin má choinnítear iad ar mhaithe le cuspóir atá sonrach agus dlíthiúil agus a luaitear go soiléir.
• Ní mór do na sonraí a bheith cruinn agus coinnithe cothrom le dáta.
• Ní féidir na sonraí a úsáid ach amháin ar bhealaí a thagann leis an gcuspóir/na cuspóirí dá bhfuil siad á gcoimeád.
• Ní mór bearta slándála a chur i bhfeidhm chun rochtain, athrú, nochtadh nó scrios neamhúdaraithe na sonraí a chosc agus chun cosaint i gcoinne scriosta nó caillteanais de thaisme.
• Ní mór do na sonraí a choinnítear a bheith leordhóthanach, ábhartha agus gan a bheith iomarcach maidir leis an gcuspóir/na cuspóirí dá bhfuiltear á gcoimeád.
• Ní cóir na sonraí a choimeád tráth nach fada ná mar is gá. Ba chóir do rialtóirí sonraí a bheith soiléir faoin bhfad ama is cóir sonraí a choimeád agus faoin gcúis a bhfuiltear á gcoimeád. Mura bhfuil córas ag an scoil chun taifid leictreonacha a bhainistiú, ba chóir déileáil leis an líon taifead leictreonach, líon a bhíonn ag fás de shíor, ar an mbealach céanna agus a dhéileáiltear le taifid ar phár, i.e. úsáid a bhaint as na tréimhsí céanna coinneála agus diúscartha, etc. Moltar cóipeanna de chomhfhreagras tábhachtach ríomhphoist nó de cháipéisí a phriontáil don chomhad.
• Ceart Rochtana – tá duine aonair a bhfuil sonraí á gcoimeád faoi/fúithi, agus a dhéanann iarratas i scríbhinn a shonraíonn an fhaisnéis a éilítear, i dteideal cóip de na sonraí atáthar ag coinneáil faoi/fúithi a fháil. Chomh maith le ceart rochtana ar shonraí pearsanta, tugann an tAcht um Chosaint Sonraí ceart d’fhostaithe fáil amach an bhfuil sonraí pearsanta ann a bhaineann leo agus ceart na sonraí a leasú nó a scriosadh.
An tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003
Leasaíonn an tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), a achtaíodh i mí Iúil 2003, an tAcht um Chosaint Sonraí 1988 ar roinnt bealaí suntasacha:
• leathnaíonn sé na rialacha maidir le cosaint chun sonraí áirithe láimhe (córais chomhdúcháin pháipéarbhunaithe) a bhaineann le daoine aonair atá beo a chur san áireamh, sonraí a dhéantar a thaifeadadh mar chuid de chóras comhdúcháin;
• leagann sé síos coinníollacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear rialuithe níos déine maidir le sonraí íogair pearsanta, e.g. creidimh reiligiúin, cine nó bunadh eitneach, etc.
• treisíonn sé cearta an duine aonair, go háirithe an ceart a bheith curtha ar an eolas faoi phróiseáil sonraí a bhaineann leis/léi;
• bronnann sé cumhachtaí nua ar an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí chun imscrúdúcháin a dhéanamh d’fhonn a chinntiú go bhfuiltear ag comhlíonadh rialacha cosanta sonraí.
Sonraíonn an tAcht um Chosaint Sonraí roinnt príomhfhreagrachtaí nár mhór do rialtóirí a fheidhmiú:
• Sonraí a fháil agus a phróiseáil ar bhealach cothrom – ba chóir céannacht an té a bhailíonn na sonraí, an úsáid a bhainfear astu agus an té lena scaoilfear iad a leagan amach don duine a sholáthraíonn an fhaisnéis, nó ba chóir cuntas a thabhairt ar aon úsáidí tánaisteacha nó aon úsáid a bhainfear as na sonraí amach anseo.
• Ní féidir sonraí a choimeád ar ríomhaire faoi dhaoine ach amháin má choinnítear iad ar mhaithe le cuspóir atá sonrach agus dlíthiúil agus a luaitear go soiléir.
• Ní mór do na sonraí a bheith cruinn agus coinnithe cothrom le dáta.
• Ní féidir na sonraí a úsáid ach amháin ar bhealaí a thagann leis an gcuspóir/na cuspóirí dá bhfuil siad á gcoimeád.
• Ní mór bearta slándála a chur i bhfeidhm chun rochtain, athrú, nochtadh nó scrios neamhúdaraithe na sonraí a chosc agus chun cosaint i gcoinne scriosta nó caillteanais de thaisme.
• Ní mór do na sonraí a choinnítear a bheith leordhóthanach, ábhartha agus gan a bheith iomarcach maidir leis an gcuspóir/na cuspóirí dá bhfuiltear á gcoimeád.
• Ní cóir na sonraí a choimeád tráth nach fada ná mar is gá. Ba chóir do rialtóirí sonraí a bheith soiléir faoin bhfad ama is cóir sonraí a choimeád agus faoin gcúis a bhfuiltear á gcoimeád. Mura bhfuil córas ag an scoil chun taifid leictreonacha a bhainistiú, ba chóir déileáil leis an líon taifead leictreonach, líon a bhíonn ag fás de shíor, ar an mbealach céanna agus a dhéileáiltear le taifid ar phár, i.e. úsáid a bhaint as na tréimhsí céanna coinneála agus diúscartha, etc. Moltar cóipeanna de chomhfhreagras tábhachtach ríomhphoist nó de cháipéisí a phriontáil don chomhad.
• Ceart Rochtana – tá duine aonair a bhfuil sonraí á gcoimeád faoi/fúithi, agus a dhéanann iarratas i scríbhinn a shonraíonn an fhaisnéis a éilítear, i dteideal cóip de na sonraí atáthar ag coinneáil faoi/fúithi a fháil. Chomh maith le ceart rochtana ar shonraí pearsanta, tugann an tAcht um Chosaint Sonraí ceart d’fhostaithe fáil amach an bhfuil sonraí pearsanta ann a bhaineann leo agus ceart na sonraí a leasú nó a scriosadh.
An tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003
Leasaíonn an tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), a achtaíodh i mí Iúil 2003, an tAcht um Chosaint Sonraí 1988 ar roinnt bealaí suntasacha:
• leathnaíonn sé na rialacha maidir le cosaint chun sonraí áirithe láimhe (córais chomhdúcháin pháipéarbhunaithe) a bhaineann le daoine aonair atá beo a chur san áireamh, sonraí a dhéantar a thaifeadadh mar chuid de chóras comhdúcháin;
• leagann sé síos coinníollacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear rialuithe níos déine maidir le sonraí íogair pearsanta, e.g. creidimh reiligiúin, cine nó bunadh eitneach, etc.
• treisíonn sé cearta an duine aonair, go háirithe an ceart a bheith curtha ar an eolas faoi phróiseáil sonraí a bhaineann leis/léi;
• bronnann sé cumhachtaí nua ar an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí chun imscrúdúcháin a dhéanamh d’fhonn a chinntiú go bhfuiltear ag comhlíonadh rialacha cosanta sonraí.

Sínithe: ______________________________________
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
Meitheamh 2012