Bizworld i Rang 5
An tseachtain seo caite, ghlac Rang a 5 páirt i gclár darbh ainm 'Bizworld'. Roinneadh an rang ina ghrúpaí beaga agus réitigh gach grúpa plean gnó a chuir siad i láthair do bhaill an phobail ghnó.
Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le Luke Darling, Ewa agus Múinteoir Gráinne, a bhí mar 'dhragain'. Míle buíochas d'Adam a d'eagraigh an tionscadal ar fad.