Fáilte chuig Naíonáin Bheaga! :)
Tá fáilte mhór romhaibh chuig Naíonáin Bheaga! Tá tús iontach curtha againn leis an scoilbhliain agus tá sé go deas aithne a chur ar na páistí nua.
Tá na páistí ag dul i dtaithí ar a ngnáthamh nua, ag déanamh cairde nua agus ag baint an-sult as súgradh, ceol, ealaín agus scéalta.
Táimid ag súil go mór le bliain sona, spraíúil agus lán d’eachtraí nua!

