Saolré an Fhéileacáin
Tá na páistí i Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoi shaolré an fhéileacáin. Tá siad ag breathnú ar na boilb ag fás agus ag athrú ina bhféileacáin áille. Tá na páistí ag tabhairt aire do na féileacáin sa seomra ranga agus ag foghlaim faoin tábhacht a bhaineann le cúram agus meas a léiriú don dúlra. Tá sé iontach an t-athrú seo a fheiceáil!

